Main menu:
Plean Scoile don Ghaeilge
Réamhráiteas
Cuireadh an plean seo le chéile ar an 3ú lá de Mhí na Nollag 2015. Bhí foireann na scoile i láthair i gcomhpháirt le Cuiditheoir Gaeilge.
Cén fath a bhfuil gá?
Tá gá leis an bplean chun a chinntiú go bhfuil leanúnachas ó rang go rang agus chun a chinntiú go bhfuil an Curaclam Gaeilge á chur i bhfeidhm.
FÍS AGUS AIDHMEANNA
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna an churaclaim Ghaeilge ná
• úsáid na Gaeilge mar ghnáth-
• dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú
• taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge
• cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a
m(h)uinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
• cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag
leibhéil a oireann dó/di féin agus don chineál scoile
• éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar
bhealach comhtháite
• feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú
• cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach,
shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste
• cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an
pháiste.
CUR CHUIGE CUMARSÁIDE
Tuigtear an fhoireann an cur chuige cumarsáide agus úsáidtear an cur chuige seo ins na ceachtanna chomh minic agus is féidir.
‘S iad na himpleachtaí a bhaineann le seo ar phleanáil an mhúinteoir ná go bhfuil thrí thréimhse sa cheacht :-
Cumarsáid agus
Iarchumarsáid.
‘Siad na himpleachtaí ar fhoghlaim na bpáistí ná go bhfuil an múinteoir agus an rang ag caint. Ansin an múinteoir agus páiste aonair ag caint agus ina dhiaidh sin tá na páistí ag caint i mbeirteanna.
FEIDHMEANNA TEANGA
Tuigeann an fhoireann teagaisc go bhfuil na feidhmeanna teanga mar chroí lár na ceachta agus iad ag pleanáil
Chomh minic agus is féidir beidh an fheidhm teanga ceangailte leis an dtéama
Beidh cóip de na feidhmeanna teanga ag gach oide agus marcáilfear na feidhmeanna teanga atá múinte i rith na bliana. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh go dtí an chéad mhúinteoir eile ag tús na bliana nua.
SNÁITHEANNA AN CHURACLAIM
ÉISTEACHT
Éisteacht Neamhfhoirmiúil:-
Éisteacht go foirmiúil:-
LABHAIRT
Labhairt go Neamhfhoirmiúil:-
Labhairt go foirmiúil:-
LÉITHEOIREACHT
Réamh Ullmhúcháin don léitheoireachta:-
Tús na léitheoireachta:-
Scileanna léitheoireachta fhorbairt:-
SCRÍBHNEOIREACHT
Tús na scríbhneoireachta:-
Tascanna Scríbhneoireachta:-
Próiseás na Scríbhneoireachta:-
COMHTHÁTHÚ NA SNÁITHEANNA
Chomh minic agus is féidir déantar iarracht na ceithre snáith a shníomh isteach i ngach ceacht.
TÉAMAÍ
Mé féin
Sa bhaile
An Scoil
Bia
An teilifís
Siopadóireacht
Caitheamh aimsire
Éadaí
An aimsir
Ócáidí speisialta
STRÁITEISÍ
agallaimh mar ionchur d’imirt i rólanna
cluichí teanga
• tascanna agus fadhbanna
• druileanna
• drámaíocht
• scéalaíocht
• filíocht: rainn, dánta agus amhráin,
rabhlóga, tomhais, seanfhocail agus
tréanna.
TEC
MODHANNA MÚINTE
Is iad na sé mhodh a úsáidtear ná
• an modh díreach
• modh na sraithe
• modh na lánfhreagartha gníomhaí
• an modh closlabhartha
• an modh closamhairc
• modh na ráite.
Múintear an ceacht Gaeilge as Gaeilge.
GAEILGE NEAMHFHOIRMIÚIL
Úsáidtear an Ghaeilge neamhfhoirmiúil ag na hamanta seo:
ar maidin
am rolla
am dul abhaile
am sosa
am lóin
sa chlós
teachtaireachtaí
Frásaí na Seachtaine: Cuirtear frása ar chrocadh ar na fallaí gach seachtain.
PLEANÁID EAGRAÍOCHTA
Leanann an teimpléad de nótaí ceachta na straitéisí agus na snáthaonaid atá luaite sa phlean.
ÁISEANNA
Téasc leabhair
Suíomhanna idirlín
Sin é
Am don léamh
Tomás na hOrdóige agus scéalta eile
Litrigh é Linn
Treo Nua
Bun go Barr
Céart litriú
An Seomra Ranga
TG4
Ríomhairí
Taifedán
Osteilgeoir agus tarraingt ar an gclár dubh
Bréagáin agus samhlacha agus bosca éadaigh i gcomhair imirt i ról
Pictiúir agus postaeir
Cártaí éagsúla-
Puipéad
ÉAGSÚLACHT CUMAIS
Tá díolúnú ag beirt sa scoil seo.
Déantar cinnte de nach bhfuil páiste ag dul amach go dtí an múinteoir tacaíochta foghlamtha ag an am chéanna gach uair i dtreo is nach gcaillfidh an páiste amach ar aon ábhar ró-
COMHTHÁTHÚ LE HÁBHAIR EILE:
Ceol
Corp Oideachas
Drámaíocht
Ealaín
MEASÚNÚ
Úsáidtear trialacha agus atscanna atá dearthe ag an múinteoirchomh mhaith le dírbhreathnú an mhúinteora. Coiméadtar bailiúcháin d’obair na bpáistí chun measúnú.
OBAIR BHAILE
Béim ar obair bhaile simplí;
Tugtar obair lefoghlain nó le scríobh
Obair bhaile bunaithe ar an méid atá ar siúl sa scoil
Naíonáin agus Rang a Haon: Ni bhfaigheann said obair bhaile go fhoirmiúil
Rang 3 agus 4: Litriú
Rang 3,4,5 agus 6: Litriú, léitheoireacht/foghlaim agus obair scríofa go rialta
FORBAIRT FOIRNE
Lorgaífimid cabhair i leith na Gaeilge ó Chuiditheoir Gaeilge PDST
TUISMITHEOIRÍ AGUS AN GHAEILGE
Tugtar obair bhaile uaireanta do na páistí chun féachaint ar chlár áirithe ar TG4
COMHLÍONNANAS
Ní dóigh linn go bhfuil éagsúlacht sna torthaí nó sa dearcadh atá ag buachaillí agus cailiní sa scoil seo.
SLAT TOMHAIS
Tá a fhios againn go bhfuil an plean a chur i bhfeidhm toisc go leanann pleanáil an mhuinteora na cinnteidil atá sa phlean agus tá frásaí na seachtaine, feidhmeanna teanga agus gaeilge neamhfhoirmiúil fite fuaite i múineadh an lae.
Beidh a fhios againn go bhfuil aidhmeanna an phlean comhlínte again nuair a fhaighimid aiseolas ón bhfoireann, ó na daltaí, ó na tuismitheoirí, chomh mhaith le aiseolas ó na cigirí agus scoileanna dara leibhéal.
CUR I BHFEIDHM AN PHLEAN
Rólanna agus Freagracht:-
Beidh athbhreithniú I gceann dhá bhliain.
ATH BHREITHNIÚ
Beidh an príomhoide freagrach as an athbhreithniú a shocrú.
Beidh foireann teagaisc na scoile agus an Bord Bainistíochta Páirteach san athbhreithniú.
SPRIOCDÁTA:-
DAINGNIÚ AGUS CUMARSÁID
Tá an plean faofa ag an mBord Bainistíochta.
Scaipeadh an plean seo ar fhoireann na scoile agus ar an mBord Bainistíochta.